Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Tá an tEarrach linn i R6

5th Feb 2024

Chuir páistí Rang a Sé fáilte mhór mhaith roimh an earrach an tseachtain seo a chuaigh thart. D’fhoghlaim siad faoi na seantraidisiúin a bhaineann leis an Imbolg agus le Lá Fhéile Bríde. Chaith muid seal faoin spéir agus bhí obair na gcapall déanta acu chun a gcuid crosóg nó Brídeog féin a dhéanamh chomh maith. Ar a bharr sin, chaith siad tamall i mbun taighde faoi éin na hÉirinn. Is saineolaithe amach is amach muid anois! 

Gabhaimid buíochas le Rossa a bhailigh na luachra uilig dúinn. Nach maith é!?

The pupils in Rang a Sé had a great time welcoming the start of spring last week. We learnt about the old traditions associated with Imbolc and St.Brigid’s day. We spent time outside and worked hard to make our own crosses or Brídeoga. Thanks to Rossa who collected all the rushes for us! The children also spent time researching about the most common birds in Ireland. We are all experts now!