Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Slán agus Beannacht le Rang 7

22nd Jun 2023

Bhí ócáid mhór speisialta againn aréir ag tionól imeachta Rang 7. D’ullmhaigh na páistí roinnt de na cuimhní cinn is fearr leo óna gcuid ama anseo ag Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche le roinnt lena ngaolta, agus bhí cúpla dán agus cúpla amhrán againn chomh maith. Buíochas mór le gach duine a tháinig aréir le tacú leis na páistí ag an tionól speisialta seo. Maith iad na páistí a rinne obair an-mhaith ag ullmhú don tionól. Agus buíochas mór ó chroí leis an Mháistreás Rachel as an obair ar fad a rinne sí ag ullmhú don oíche aréir, agus ar ndóigh as an tsárobair atá déanta aici leis an rang ar fad le cúpla bliain anuas. Guímid gach rath agus dea-bheannacht ar ár gcairde agus iad ag glacadh an chéad chéim eile seo ina n-aistir oideachais i ndiaidh dóibh sos maith a bheith acu don tsamhradh.

We had a lovely event last night at the Rang 7 leavers’ assembly. The children prepared some of their favourite memories from their time here at Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche to share with their family, and we also some lovely poems and songs. A big thank you to everyone who came last night to support the children at this special assembly. Well done to the children who did a very good job preparing for last night. And a big thank you to Máistreás Rachel for all the work she did preparing for last night, and of course for the great work she has done with the whole class over the past couple of years. We wish our friends all the best as they take this next step in their educational journey after their well-earned summer break.