Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Siúlóid an Fhómhair 2022

6th Oct 2022

Bhí lá galánta againn Déardaoin agus an scoil ar fad amuigh le haghaidh Siúlóid an Fhómhair. Bhí an t-ádh linn leis an aimsir, d’fhan sé tirim dúinn agus ní raibh sé rófhuar. Rinne páistí na Naíscoile agus Rang 1 siúlóid ollmhór thart ar Dhún Droinne agus bhí seans acu giota ama a chaitheamh ag súgradh sa pháirc shúgartha ina dhiaidh. Cinnte go raibh an súgradh tuillte acu i ndiaidh dóibh an tsiúlóid ollmhór sin a dhéanamh! Agus chuaigh páistí Rang 2 go Rang 7 chuig an pháirc fhoraoise. Chaith muid seal ag an loch le chéile sular ith muid smailc. Ansin, bhí seans ag Rang 2 agus Rang 3 bheith ag súgradh sa pháirc bheag nuair a thug páistí Rang 4 go Rang 7 aghaidh ar an lúbra! Lá lán spraoi a bhí ann. Buíochas mór ó chroí le gach tuismitheoir, aintín, uncail, seantuismitheoir, gogamán a tháinig le cuidiú. Bhain muid an-sult as bhur gcuideachta agus ba mhór an cuidiú a thug sibh dúinn. Agus lig dúinn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a thug isteach airgead an tseachtain seo le cuidiú le ciste na scoile – am deacair atá ann do theaghlaigh ó thaobh airgid de agus tuigimid sin go rímhaith. Táimid an-bhuíoch as bhur gcuid flaithiúlachta. Ní neart go cur le chéile.

We had a lovely day on Thursday with the whole school out for our Autumn Walk. We were lucky with the weather, it stayed dry for us and it wasn't too cold. The Naíscoil and Rang 1 children did a huge walk around Bunkers Hill and had a well-earned play in the lovely playpark afterwards. And children from Rang 2 to Rang 7 went to the forest park. We spent some time at the lake together before having a break-time snack. Then, Rang 2 and Rang 3 pupils had the chance to play in the nature park while Rang 4, 5, 6 and 7 took on the maze! It was a great day. A big thank you to all parents, aunts, uncles, grandparents, childminders who came along to help. We really enjoyed your company and the help you gave us was great. And let us thank everyone who brought in money this week to help with school funds - it's a difficult time for families financially and we understand that very well. We are very grateful for your generosity. No strength without unity.