Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Scríobh Leabhar 2024

13th Jun 2024

Ghlac gach páiste sa scoil páirt sa scéim scríbhneoireachta ‘Scríobh Leabhar’, comórtas mór ón Áisaonad, ní ba luaithe i mbliana. D’oibrigh na daltaí go dian i ngrúpaí beaga nó i mbeirteanna, nó ina n-aonair, chun a leabhar féin a scríobh is a mhaisiú. Rinne siad uilig an-obair go deo. Ansin, rinne muid malartú le scoil eile. Chuaigh scaifte beag as Rang 4 le Múinteoir Ciarán go Béal Feirste an tseachtain seo caite don ócáid bhronnta, áit a bhfuair siad boinn agus cúpla féirín beag eile, agus chomh maith bhí an seans acu éisteacht le scéal ón údar mór le rá Máire Zepf. Bhain muid an-sult agus an-tairbhe as páirt a ghlacadh sa togra tábhachtach seo arís i mbliana. Comhghairdeas le gach dalta a rinne iarrachtaí maithe lena gcuid scríbhneoireachta, agus maith sibh gach duine ar bronnadh bonn orthu. Coinnígí oraibh ag léamh agus ag scríobh a chairde.

Every pupil in the school took part in the writing scheme 'Scríobh Leabhar', a competition run by the Áisaonad, earlier this year. The pupils worked hard in small groups or in pairs, or individually, to write and illustrate their own book. They all did a great job. Then, we did an exchange with another school. A small group from Rang 4 went to Belfast with Múinteoir Ciarán last week for the awards ceremony, where they received medals and a few other small prizes, and also had the chance to listen to a story from the famous author Máire Zepf. We really enjoyed taking part in this important initiative again this year. Congratulations to all pupils who made good efforts with their writing, and well done to all who were awarded a medal. Keep reading and writing!