Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Sacraimint an Chóineartaithe R7

17th Apr 2024

Comhghairdeas ó chroí leis na páistí a chuaigh faoi lámh an Athair Darach inné. Bhí seirbhís speisialta acu leis na Gaelscoileanna áitiúla eile i dteach pobail na Maighdine Muire, Caisleán Nua. Bhí siad uilig speisialta maith agus tá muid an-bhródúil astu. Buíochas mór le Múinteoir Rachel as na páistí a ullmhú don chéim mhór seo ina saol. Gabhann muid ár mbuíochas leis an fhoireann ar fad a bhí páirteach ar an lá ach go háirithe lenár gcara Múinteoir Ciara as Gaelscoil na mBeann as an cheol a stiúradh ar an phianó, bhí na hiomainn speisialta ar fad. Go raibh maith agaibh uilig a tháinig chun tacaíocht a thabhairt dár ndaltaí agus iad ag tabhairt faoin tSacraimint thábhachtach seo, agus ar deireadh gabhaimid buíochas mór ó chroí leis an Athair Darach as an obair ar fad a rinne sé chun an tseirbhís ghalánta a eagrú dúinn agus lenár gcairde ag an tséipéal i gCaisleán Nua. Tá súil againn go raibh lá iontach agaibh go léir a chairde.

Congratulations to our R7 children who received the Sacrament of Confirmation yesterday with our neighbouring Irish Medium schools, Bunscoil Mhuire agus Phádraig and Gaelscoil na mBeann, in the Our Lady of the Assumption Church, Newcastle. Thanks to Múinteoir Rachel for her work in preparing the pupils for this big step in their lives. We would like to thank all of the staff from the three schools that prepared the children for this special day. Special thanks to our friend Múinteoir Ciara from Gaelscoil na mBeann for helping us with the hymns on the piano. Thank you to everyone who came along to support the children in receiving this important Sacrament, and finally heartfelt thanks to Father Darach for all the work in organising the beautiful service, and of course to our friends at the chapel in Newcastle for hosting us. It was a special day, we hope you all enjoyed it.