Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Mata faoin spéir i R6

14th Jun 2023

Cé go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch ar maidin, níor cuireadh bac ar obair mhór an mhata i R6! Ghlac muid an fhoghlaim taobh amuigh agus chaith muid seal i mbun mata faoin spéir. Rinne na páistí rás sealaíochta ina raibh orthu deachúlacha a chur san áit cheart ar an uimhirlíne deichithe, iad a shlánú go dtí an deichiú is cóngaraí agus iad a scríobh mar chodáin agus mar chéatadáin. Bhí mata beacht, cruinn déanta acu uilig ar nós na gaoithe, ach bhí an bua ag Foireann D sa deireadh. Chuir muid deireadh leis an cheacht le cúpla cluiche bunaithe ar na táblaí agus d’éirigh go geal leo! Nach méanar dúinn go bhfuil muid ábalta mata a dhéanamh faoi scáth na mBeanna Boirche? 

Rang a Sé had great fun this morning taking their learning outside! The children have been working very hard learning about the relationship between decimals, fractions and percentages and completed a relay race based on this topic. They had to pick up a decimal, place it in the right place on the numberline, round it to the nearest tenth and write it as a fraction and a percentage. They really showed that they have mastered these skills. Maith iad! Everyone worked quickly and accurately but Foireann D were named the winners in the end. We ended the lesson with a few games based on multiples. Maith sibh uilig!