Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Lá iontach ag ‘Coirm Gael Linn’!

28th Mar 2024

Maith iad na páistí i R6 agus R7 a chuir scoth na siamsaíochta ar fáil don lucht féachana i bPálás an Mhargaidh in Ard Mhacha agus iad ar an ardán mar chuid de ‘Coirm Gael Linn’. Rinne na páistí obair na gcapall agus iad ag ullmhú don imeacht ollmhór. Chuaigh na páistí go mór i bhfeidhm ar an mholtóir agus bronnadh trí ghradam orthu chun ceiliúradh a dhéanamh ar ghluaiseacht an dráma, an comhoibriú a bhí le feiceáil agus an ceol. Tugadh aitheantas speisialta do Oisín i Rang 6 agus Gráinne i Rang 7 mar gheall ar an iarracht iontach a bhí curtha isteach acu. 

Maith sibh a chairde! Éacht déanta agaibh!

 

Well done to the children in R6 & R7 who put on a brilliant show for the audience in the Armagh Marketplace as part of Gael Linn’s drama festival ‘Coirm’. The children worked very hard in preparation for their performance and were presented with three awards to celebrate their singing, the movement of the drama and the teamwork that was seen on the day. Oisín in R6 and Gráinne in R7 were presented with individual awards as recognition of the tremendous effort that they put into the performance. Maith sibh gach duine!