Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Cártaí Nollag agus Ceardaíocht Nollag

13th Dec 2023

D’eagraigh Comhairle na Scoile comórtas chártaí Nollag ar na mallaibh. Roghnaíodh beirt bhuaiteoirí as gach rang agus rinneadh cártaí cearta as a gcuid dearthaí. Comhghairdeas le gach duine a chuir iarracht mhaith isteach ina gcuid oibre leis na cártaí, agus comhghairdeas speisialta leis na buaiteoirí ó gach rang. Beidh roinnt cártaí ar díol againn roimh an tSeó Nollag Dé Luain. Chomh maith leis sin, beidh roinnt mhaith píosaí ceardaíochta agus maisiúcháin Nollag ar díol againn. Mar sin de, le bhur dtoil, más féidir libh, tugaigí libh cúpla punt le tacú linn ar an oíche. Ní bheidh costas ar an doras don tseó, ach beidh bosca ag Cairde le haghaidh síntiúis dheonacha.

Agus ná déanaigí dearmad a chairde, má tá ticéid go fóill agaibh don Chrannchur Nollag, fágaigí isteach ar scoil amárach iad.

The School Council recently organized a Christmas card competition. Two winners were chosen from each class and their designs were made into proper cards. Congratulations to everyone who put a good effort into their work with the cards, and special congratulations to the winners from each class. We will have some cards for sale before the Christmas Show on Monday. We will also have some Christmas crafts and decorations for sale. So please, if you can, bring a few pounds to support us on the night. There will be no cost at the door for the show, but Cairde will have a box for voluntary donations at the entrance to the hall.

And don't forget folks, if you still have tickets for Cairde's Christmas Raffle, leave them into school tomorrow please.

Go raibh maith agaibh a chairde.