Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Ceardlanna Miotaseolaíochta

24th Oct 2024

Tá muid an-bhuíoch ar fad le muintir na Féile Soma a bhí istigh lenár ndaltaí Rang 6/7 ar na mallaibh chun cúpla ceardlann iontach deas ar fad a dhéanamh bunaithe ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, go háirithe na seanscéalta agus finscéalta a bhaineann le Manannán Mac Lir. Bhain na páistí an-sult as a bheith ag foghlaim faoi seo, agus nach iontach ar fad na sciatha a galánta a dhear siad. Gabhaimid buíochas mór millteanach le Gráinne agus Áine, tuismitheoirí dár gcuid fosta ar ndóigh, as na ceardlanna galánta seo a chur ar fáil dúinn.

We are incredibly grateful to the kind folk of the Soma Festival who were in with our Rang 6/7 pupils recently to do a couple of lovely workshops based on Irish mythology, especially the old stories and legends related to Manannán Mac Lir. The pupils really enjoyed learning about this topic, and they designed some absolutely superb battle shields! Thank you so much to Gráinne and Áine, parents of ours too of course, for offering our pupils the chance to learn in these engaging workshops.