Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Blitz iománaíochta

17th Jan 2024
Bhí an-bhród orainn inniu as na páistí ó Rang 7 a chuaigh go blitz iománaíochta in Iúr Cinn Trá. D'imir gach aon duine acu le croí mór maith, léirigh siad meon agus cumas iontach, d'oibrigh siad go maith mar fhoireann agus léirigh siad neart samplaí de spórtúlacht mhaith le linn na gcluichí. Ba mhaith linn buíochas mór ó chroí a ghabháil le Máistir Doran agus le Máistir Mac Ruairí a d'eagraigh an blitz agus a chuir fáilte romhainn go Coláiste Cholmáin, agus le scoláirí na scoile a bhí mar réiteoirí ar na cluichí. Bhain na páistí an-sult as an mhaidin, agus bhain muid an-sult as a bheith ag amharc ar ardchaighdeán iománaíochta.

We were very proud of the pupils from Rang 7 who went to a hurling blitz in Newry today. Each and every one of them played with great heart, showed great spirit and ability, worked well as a team and showed plenty of examples of good sportsmanship during the games. We would like to say a big thank you to Mr. Doran and Mr. Mac Ruairí who organized the blitz and welcomed us to St. Colman’s College, and to the senior students of the school who refereed the games. The pupils really enjoyed the morning, and we adults thoroughly enjoyed watching the high quality hurling on show.