Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Beannachtaí na Nollag

20th Dec 2023

Tá súil againn gur bhain sibh uilig taitneamh as Seó na Nollag 2023 ó Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche!

Bhí sé chomh galánta slua mór a fheiceáil linn sa halla oíche Luain dár Seó Nollag. Rinne na daltaí obair dhian le roinnt mhaith seachtainí anuas ag ullmhú don oíche agus tá súil againn gur thaitin a gcuid dánta, a gcuid amhrán agus a gcuid drámaíochta libh. Féachaigí roinnt de na grianghraif faoi iamh agus tá nasc chuig na físeáin ag bun an ailt.

Buíochas mór le gach duine agaibh a tháinig chun tacú linn Dé Luain, as an tacaíocht a thug sibh leis an chrannchur, agus as an dóigh ar chuidigh sibh le bhur bpáistí le cúpla seachtain anuas ag foghlaim na n-amhrán. Gabhaim mo bhuíochas leis na páistí as na hiarrachtaí maithe a chuir siad isteach ag ullmhú don oíche, agus as an obair mhór ar fad atá déanta acu le linn an téarma seo.

Buíochas mór le Cairde a d'eagraigh crannchur iontach, agus ar ndóigh le gach duine agus na comhlachtaí áitiúla a thug duaiseanna isteach dó. Agus ar ndóigh, go raibh maith agaibh a Chairde as an obair iontach ag cur sólaistí ar fáil do gach duine.

Buíochas mór lenár gcairde ag Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg a roinn a halla agus a scoil go fial flaithiúil linn, táimid an-bhuíoch ar fad as an tacaíocht iontach seo uathu.

Agus ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche as seó iontach a ullmhú agus a chur i láthair dár bpobal scoile i mbliana. Gabhaim buíochas mór ó chroí le mo leathbhádóirí a bhíonn ag obair go dian dícheallach ar son ár bpáistí ó cheann ceann na bliana. Is ceart sibh a chairde.

Guím Nollaig mhór mhaith agaibh uilig go léir a chairde, Nollaig shuaimhneach faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise. Ag dúil go mór le gach duine a fheiceáil ar ais ar scoil Dé Luain 8ú Eanáir 2024.

It was so lovely to see such a large crowd with us in the hall on Monday night for our Christmas Show. The pupils have worked hard for several weeks preparing for the night and we hope you enjoyed their poems, songs and drama. Have a browse through some of the photos and there's a link at the bottom of this article to some videos that were taken.

A big thank you to all of you who came to support us on Monday, for the support you gave to Cairde’s Christmas raffle, and for the way you helped your children in the last few weeks learning their songs and poems. I thank the pupils also for their efforts in preparing for the night, and for all the great work they have done during this term.

Many thanks to Cairde who organized a great raffle, and of course to all individuals and the local companies who brought in prizes. And of course, thank you Cairde for the great work in providing refreshments for everyone on the night.

A big thank you to our friends at St. Malachy’s High School who generously shared their hall and school with us, we are all very grateful for this great support from them.

And finally, I would like to thank the staff of Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche for preparing and presenting a great show for our school community this year. I would like to say a big thank you from the bottom of my heart to my colleagues and friends who work so diligently on behalf of our children right throughout the year.

I wish you all a very happy and peaceful Christmas, a chairde, and a happy new year. Looking forward to seeing everyone back at school on Monday 8th January 2024.

Físeáin: https://drive.google.com/drive/folders/1R0P-gKxjhY5lf5HJpe8YZ6pRoB8vbnX5?usp=sharing