Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Turas Chun na Gaeltachta 2026

16th Jun 2026

Bhí am iontach ag páistí Rang 6 agus Rang 7 ar an turas s’againne chun na Gaeltachta ar na mallaibh. Chaith muid cúpla lá den scoth i gcomhluadar Gaeil óga eile an chontae. D’fhan muid i dTeach Jack ar an Ghlaisigh agus nár mhéanar  dúinn é! Ar an chéad oíche, i ndiaidh dúinn socrú isteach agus béile gleoite a bheith againn, bhuail muid lenár gcairde ó na scoileanna eile (Bunscoil Mhuire agus Phádraig, Gaelscoil na mBeann agus Bunscoil an Iúir) ag Halla Bhun an Inbhir, áit a raibh tráth na gceist beag againn roimh dúinn ár scíth a ligean agus amharc ar scannán.

An lá dár gcionn, cé nach raibh an aimsir thar moladh beirte, níor chuir sé isteach ná amach orainn! Fuair muid bricfeasta maith Tigh Jack roimh dúinn an bóthar a bhualadh agus seal a chaitheamh cois na tráighe ar an Bhun Beag. Chaith muid tamall beag ansin ag súgradh thart ar an ghaineamh roimh aghaidh a thabhairt ar Ionad Cois Locha, Dún Lúiche. Ansin, d’fhoghlaim muid giota beag fán cheantar, agus fá dtaobh den fhíodóireacht a bhíodh ar siúl ansin fadó. Bhí turas báid againn amuigh ar Loch Dhún Lúiche agus bhí seans againn súgradh sa pháirc ar feadh tamaill chomh maith. An oíche sin, bhuail muid uilig le chéile arís agus bhí oíche airneáil speisialta againn in Acadamh Ghaoth Dobhair lenár gcairde ildánacha ón Chrannóg. Oíche ghalánta a bhí ann, mar a bhíonn i gcónaí.

Ba mhaith liom buíochas mór ó chroí a ghabháil le Múinteoirí Máire agus Caoimhe, le Stephen agus le Lorna a thug suas a gcuid ama go fial flaithiúil chun na páistí a thabhairt leo ar an turas seo. Gabhaim buíochas fosta lenár gcairde sna gaelscoileanna eile a tháinig linn agus a chuidigh linn turas maith a dhéanamh de. Buíochas millteanach mór fosta le Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin a thug tacaíocht ollmhór dúinn a lig dúinn an turas seo a reáchtáil. Buíochas mór lenár dtiománaí bus Oliver a bhí cineálta foighdeach linn le linn an turais. Agus ar deireadh, ba mhaith liom buíochas mór ó chroí a ghabháil lenár gcairde uilig i nGaoth Dobhair as fáilte mhór a chur romhainn ar an turas seo, na daoine galánta Tigh Jack, muintir Dhún Lúiche ag Ionad Cois Locha agus ar ndóigh ár gcairde ón Chrannóg agus ó Acadamh Ghaoth Dobhair. Agus ar deireadh i ndeireadh na dála, buíochas lenár bpáistí maithe a chuidigh chun turas den scoth a dhéanamh de.

The children in Rang 6 and Rang 7 had a great time on our recent trip to the Gaeltacht. We spent a wonderful few days in the company of other young Irish speakers and Gaels from the county. We stayed at Teach Jack in Glassagh, and weren’t we lucky! On the first night, after settling in and having a lovely meal, we met up with our friends from the other schools (Bunscoil Mhuire agus Phádraig, Gaelscoil na mBeann and Bunscoil an Iúir) at Halla Bhun an Inbhir, where we had a little quiz before relaxing and watching a film.

The next day, although the weather was not the best, it didn’t bother us! We had a good hearty breakfast at Teach Jack before hitting the road and spending some time by the beach in Bunbeg. We then spent a little time playing around in the sand before heading to Ionad Cois Locha, Dunlewey. There, we learned a little bit about the area, and about the weaving industry that used to take place there long ago. We had a boat trip out on Lough Dunlewey and had a chance to play in the park for a while as well. That night, we all met up again and had a special evening of song, music and dance in Acadamh Ghaoth Dobhair with our very talented friends from An Chrannóg. It was a truly lovely night, as always.

I would like to express my heartfelt thanks to Múinteoirí Máire and Caoimhe, Stephen and Lorna who gave up their time so generously to take the children on this trip. I would also like to thank our friends in the other Irish-medium schools who came with us and helped us make it a great trip. A huge thank you also to the Newry, Mourne and Down District Council who gave us huge support to enable us to run this trip. A big thank you to our bus driver Oliver who was so kind and patient with us during the journey. And finally, I would like to express my heartfelt thanks to all our friends in Gaoth Dobhair for making us so welcome on this journey, the lovely people of Teach Jack, the people of Dun Lúiche at Ionad Cois Locha and of course our friends from An Chrannóg and Acadamh Gaoth Dobhair. And finally, finally, a big thank you to our wonderful pupils for playing their part in making it a great trip, maith sibh a chairde.