Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Spraoi-Rith Daite

23rd May 2025

Bhí tráthnóna galánta againn ar scoil inniu leis an Spraoi-Rith Daite a bhí againn chun tacú le Ruadhán agus le Glór Uachtar Tíre. Gabhaimid buíochas mór le gach duine a thug isteach airgead le tacú leis seo agus leis na páistí uilig a ghlac páirt go fonnmhar agus go bríomhar! Bhailigh muid breis agus £200 inniu, go raibh maith agaibh. Gabhaimid buíochas mór fosta leis na tuismitheoirí uilig a bhí ag cuidiú linn leis seo, focal speisialta buíochais le Gerard a bhí mar fhear an tí don imeacht agus le Nicole as an imeacht seo a eagrú! Gabhaimid comhghairdeas mór le Ruadhán as a chuid iarrachtaí agus guímid gach rath air don chuid eile dá fheachtas, maith thú féin a Ruadháin.

We had a wonderful afternoon at school today with the Spraoi-Rith Daite (Colour Run) we had to support Ruadhán and Glór Uachtar Tíre. We would like to thank everyone who donated money to support this and all the children who participated so enthusiastically! We raised over £200 today, thank you all so much. We would also like to thank all the parents who helped us with this, a special word of thanks to Gerard who played MC and to Nicole for organising the event! Congratulations to Ruadhán for his great efforts and we wish him all the best for the rest of his campaign, good luck Ruadhán.

Bíodh deireadh seachtaine galánta agaibh a chairde. Tchífidh muid arís sibh Dé Céadaoin seo chugainn.
Have a lovely weekend everyone. We'll see you all back at school next Wednesday.