Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Seó na Nollag 2024

12th Dec 2024

Tá súil againn gur bhain sibh uilig taitneamh as Seó na Nollag 2024 ó Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche!

Arís eile, bhí sé galánta slua mór a fheiceáil linn sa halla aréir dár Seó Nollag. Tá an slua ag éirí níos mó agus níos mó achan uile bhliain! Rinne na daltaí obair dhian le roinnt mhaith seachtainí anuas ag ullmhú don oíche agus tá súil againn gur thaitin a gcuid dánta, a gcuid amhrán agus a gcuid drámaíochta libh. Féachaigí roinnt de na grianghraif agus físeáin faoi iamh.


Buíochas mór le gach duine agaibh a tháinig chun tacú linn aréir, as an tacaíocht a thug sibh leis an chrannchur, agus as an dóigh ar chuidigh sibh le bhur bpáistí le cúpla seachtain anuas ag foghlaim na n-amhrán. Gabhaim mo bhuíochas leis na páistí as na hiarrachtaí maithe a chuir siad isteach ag ullmhú don oíche, agus as an obair mhór ar fad atá déanta acu le linn an téarma seo.

Buíochas mór le Cairde a d'eagraigh crannchur iontach, agus ar ndóigh le gach duine agus na comhlachtaí áitiúla a thug duaiseanna isteach dó. Gabhaimid buíochas le Cairde as an obair iontach ag cur sólaistí ar fáil do gach duine. Agus ar ndóigh, go raibh céad míle maith agaibh a Chairde as an obair mhór atá déanta agaibh ar son ár bpáistí le linn an téarma seo ar fad.

Buíochas mór lenár gcairde ag Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg a roinn a halla agus a scoil go fial flaithiúil linn, táimid an-bhuíoch ar fad as an tacaíocht iontach seo uathu. Gabhaimid buíochas speisialta leis na fir faire Mark agus Brendan as a gcuid oibre chun an halla a dhéanamh réidh dúinn. Buíochas fosta leis na tuismitheoirí a chuidigh le páirceáil aréir chomh maith.

Agus ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche as seó iontach a ullmhú agus a chur i láthair dár bpobal scoile i mbliana. Gabhaim buíochas mór ó chroí le mo leathbhádóirí a bhíonn ag obair go dian dícheallach ar son ár bpáistí ó cheann ceann na bliana. Is ceart sibh a chairde.

Críochnóidh an scoil ag 11am Dé hAoine seo chugainn do shaoire na Nollag. Guím Nollaig mhór mhaith agaibh uilig go léir a chairde, Nollaig shuaimhneach faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise. Ag dúil go mór le gach duine a fheiceáil ar ais ar scoil Dé Luain 6ú Eanáir 2025.

We hope you all enjoyed the Christmas Show 2024 from Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche!

Once again, it was wonderful to see a large crowd with us in the hall last night for our Christmas Show. The crowd is getting bigger and bigger every year! The pupils have been working hard for several weeks preparing for the night, and we hope you enjoyed their poems, songs, and drama. Check out some of the attached photos and videos from the evening.

A big thank you to everyone who came to support us last night, for your support with the raffle, and for helping our children learn the songs over the past few weeks. I thank the children for their great efforts in preparing for the night and for all the hard work they have done during this term.

A big thank you to Cairde who organised a fantastic raffle, and of course to the local businesses and individuals who donated prizes. We thank Cairde for the great work in providing refreshments for everyone. And of course, a huge thank you to Cairde for all the hard work you have done for our children throughout this term.

A big thank you to our friends at St. Malachy's High School who generously shared their hall and school with us, we are very grateful for their wonderful support. We give special thanks to the caretakers Mark and Brendan for their work in getting the hall ready for us. Thanks also to the parents who helped with parking last night.

And finally, I would like to thank the staff of Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche for preparing and presenting a wonderful show for our school community this year. I give heartfelt thanks to my colleagues who work tirelessly for our children all year round.

The school will finish at 11am next Friday the 20th of December for the Christmas holidays. I wish you all a very Merry Christmas, a peaceful and happy New Year. Looking forward to seeing everyone back at school on Monday, January 6th, 2025.