Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Réaltaí Spóirt

17th Oct 2024

Táimid millteanach bródúil as an fhoireann reathaíochta a chuir muid go Páirc Chill Bhrónaí Dé Máirt chun páirt a ghlacadh sna rásaí trastíre Rang 7 a d’eagraigh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Rith siad uilig le croí mór maith agus léirigh siad scoth-íomhá dár scoil. Mo cheol sibh a chairde.

Gabhaimid comhghairdeas speisialta le Harry agus le Rossa a bhuaigh an chéad áit agus an dara háit i rás na mbuachaillí.

Gabhaimid buíochas mór lenár gcóitseálaí reathaíochta Connaire as an obair mhór a dhéanann sé lenár reathaithe, agus leis na tuismitheoirí a chuidigh le síobanna ar an lá fosta.

Comhghairdeas fosta le Clíona as R6 a thug isteach na boinn ghleoite seo léi ar scoil an tseachtain seo don ghleacaíocht! Is léir go bhfuil réaltaí móra spóirt inár measc, maith sibh a chairde.

We are so proud of the running squad we sent to Kilbroney Park on Tuesday to take part in the Primary 7 Cross Country Challenge organised by Newry, Mourne and Down District Council. They all ran with great heart and represented our school as excellent ambassadors. Well done all of you.

Special congratulations to Harry and Rossa who won first and second place in the boys' race.

We are very grateful to our running coach Connaire for the great work he does with our runners, and to the parents who helped out with lifts on the day as well.

Congratulations also to Clíona from Rang 6 who brought these lovely shiny medals into school this week for her exploits in gymnastics! It is clear that there are some big sports stars among us, ar dóigh ar fad!