Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Lá Spóirt 2024

13th Jun 2024

Bhí spórt agus spraoi againn an tseachtain seo caite ag an Lá Spóirt s’againn. Bhí an t-ádh linn go bhfuair muid aimsir dheas don mhaidin, agus bhain na daltaí an-sult go deo as na himeachtaí spraíúla agus as na comórtais agus rásaí chomh maith. Comhghairdeas le gach páiste a ghlac páirt sna himeachtaí go fonnmhar agus le spórtúlacht mhaith.

Ar son phobal na scoile, gabhaimid buíochas mór ó chroí le Múinteoir Brenda a chuir an-obair isteach chun maidin den scoth a eagrú dár ndaltaí, mar a dhéanann sí gach bliain. Buíochas mór fosta lenár gcúntóirí iontacha Éimear, Sinéad agus Hannah a chuidigh go mór leis na gníomhaíochtaí éagsúla a shocrú. Agus ar ndóigh, gabhaimid buíochas le CLG Chaisleán Uidhilín as ligean dúinn a bpáirc a úsáid. Táimid fíorbhuíoch. Agus go raibh maith agaibh a tháinig ar an lá chun tacú le bhur bpáistí. Ta súil againn gur bhain sibh féin sult as an mhaidin.

We had lots of fun last week at our Sports Day. We were lucky to have nice weather for the morning, and the pupils really enjoyed the fun station-activities and the competitions and races as well. Congratulations to all the children who participated in the events with enthusiasm and good sportsmanship.

On behalf of the school community, we sincerely thank Múinteoir Brenda who put in a lot of work to organise an excellent morning for our pupils, as she does every year. Many thanks also to our wonderful assistants Éimear, Sinéad and Hannah who helped a lot in arranging the various activities. And of course, we thank our friends at Castlewellan GAA for allowing us the use of their pitch. We are very grateful. And thank you all for coming along to support your children. We hope you enjoyed the morning.