Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Go Raibh Maith Agat agus Ádh Mór!

1st May 2026

Ba mhaith linn mar phobal scoile ár mbuíochas mór ó chroí a ghabháil le hEmer Ní Aodhagáin, atá ag éirí as a ról mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Uachtar Tíre, chun ról nua a ghlacadh leis an Heritage Trust Network.

Tá Emer ag obair sa ról seo le cúig bliana déag anuas agus níl aon amhras go bhfuil a rian fágtha ina diaidh aici sa phobal seo. Ar ndóigh, is gobharnóir scoile dár gcuid í chomh maith, ach d’oibrigh sí go dian dícheallach ina ról mar Oifigeach Forbartha chun tacú lenár scoil, agus is mór an obair atá déanta aici thar na blianta chun cur le fás agus forbairt ár dteanga anseo i gCaisleán Uidhilín agus sa cheantar máguaird. Bhí tionchar agus ról nach beag ag Emer thar na blianta, ag taispeáint dár ndaltaí gur teanga bheo í an Ghaeilge taobh amuigh de gheataí na scoile.

Ba dheas an deis a bheith againn fáilte a chur roimh Emer bualadh isteach chugainn le linn na seachtaine seo chun ádh mór a ghuí uirthi agus chun ár mbuíochas a ghabháil léi as a cuid tacaíochta. Guímis gach rath agus beannacht uirthi sa chéad chaibidil eile seo ina saol. Cé nach bhfuil Emer ag imeacht ar fad uainn, beidh lorg a cuid oibre mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le feiceáil sa scoil seo agus sa phobal seo go ceann i bhfad.

Ádh mór agus beir bua a chara.

As a school community, we would like to extend our heartfelt thanks to Emer O’Hagan, who is stepping down from her role as Irish Language Development Officer with Glór Uachtar Tíre, to take up a new role with the Heritage Trust Network.

Emer has been working in this role for the past fifteen years and there is no doubt that she has left her mark on this community. Of course, Emer is also a school governor of ours, but she has worked very hard in her role as Irish Language Development Officer to support our school, and she has done a great deal of work over the years to contribute to the growth and development of our language here in Castlewellan and the surrounding area. Emer has had a significant impact and influence over the years, showing our pupils that Irish is a living vibrant language outside the school gates.

We enjoyed having the opportunity to welcome Emer into school this week to wish her well and to thank her for her support. We wish her all the best and every blessing for this next chapter of her life. While Emer is not leaving us entirely, the legacy of her work as an Irish Language Development Officer will be felt in this school and in this community for a long time to come.

Go n-éirí leat sa ról úr a chara.