Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Go raibh maith agaibh a Chairde

26th Sep 2025
Gabhaimid buíochas mór ó chroí le Cairde BBB as bothán nua a cheannach dúinn mar stóras spóirt. Bhí drochbhail ar an tseanbhothán ó bhuail doineann é anuraidh, agus tá muid chomh sásta anois go bhfuil ceann úr againn. Gabhaimid buíochas fosta le Daidí Naíscoile Philly agus le hiardhalta Dualta a chuidigh chun an seanbhothán a leagadh.

Tá píosaí adhmaid fágtha amach taobh leis an gheata Naíscoile más maith le duine ar bith giota a thabhairt chun na bhaile leo don tine. Rud ar bith fágtha ag deireadh na seachtaine seo chugainn, cuirfear chuig an ionad athchúrsála é - gabhaigí i dteagmháil más féidir leat cuidiú leis sin le bhur dtoil. Le bhur dtoil, bígí cúramach leis an adhmad, tá tairní agus píosaí géara ann. Déanaigí cinnte le bhur dtoil fosta chun bhur bpáistí a choinneáil ar shiúl ón adhmad.

We would like to thank Cairde BBB for purchasing a new shed for us as a sports store. The old shed had been in a bad state since it was hit by a storm last year, and we are so happy now that we have a new one. We would also like to thank Naíscoil Daddy Philly and past-pupil Dualta who helped to demolish the old shed.

There are pieces of wood left out by the Naíscoil gate if anyone would like to take some home for the fire. Anything left over at the end of next week will be sent to the recycling centre - please get in touch if you can help with that. Please be careful with the wood, there are nails and sharp pieces. Please also make sure to keep your children away from the wood.


Go raibh maith agaibh, bíodh deireadh seachtaine galánta agaibh ar fad.