Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Comórtas Sacair

24th Oct 2024

In ainneoin na doininne, bhí maidin iontach ag scaifte dár ndaltaí ó Rang 5 agus Rang 6/7 Dé hAoine seo caite agus iad amuigh ag an pháirc imeartha 3G le haghaidh comórtas sacair. Bhí ceithre fhoireann againn, agus tír ainmnithe do gach foireann – an Fhrainc, an Spáinn, an Ghréig agus an Ghearmáin, agus iad uilig san iomaíocht chun an Corn Domhanda a bhaint! Comhghairdeas mór le muintir na Gréige a bhuaigh an corn!

Gabhaimid buíochas millteanach mór ó chroí le hOifigeach Forbartha na hÓige le Cumann Chaisleán Uidhilín, agus tuismitheoir dár gcuid, Paul Carson, a d’eagraigh maidin den chéad scoth dár ndaltaí, agus lena chara, agus imreoir le Caisleán Uidhilín, Matthew, a chuidigh leis an réiteoireacht.

In spite of last Friday’s bad weather, some of our pupils from Rang 5 and Rang 6/7 had a great morning as they were out at the 3G playing field for a soccer competition. We had four teams, with a designated country for each team – France, Spain, Greece and Germany, all competing to win the World Cup! Congratulations to the Greeks who won the cup!

We would like to say a huge thank you to the Youth Development Officer at Castlewellan Football Club, and a parent of ours, Paul Carson, who organised a first-class morning for our students, and to his friend and senior Castlewellan player, Matthew, who helped with the refereeing.