Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Comórtais na Nollag

18th Dec 2025

D'eagraigh Comhairle na Scoile agus Cairde dhá chomórtas ar na mallaibh don Nollaig. Bhí gach rang san iomaíocht lena chéile chun an gradam "Rang is Fearr Maisithe don Nollaig" a bhaint. Bhain na páistí agus na daoine fásta an-sult as páirt a ghlacadh sa chomórtas seo, ag maisiú na ranganna go gleoite don Nollaig, agus bhí comórtas fiáin ann!

The School Council and Cairde organised two competitions recently in the run up to Christmas. Every class was competing against one another to win the award for 'Best Decorated Class for Christmas'. The children and the adults really enjoyed taking part in this competition, decorating the classrooms beautifully for Christmas, and there was some fierce competition!

Comhghairdeas mór le Rang 2 a bhain an comórtas! Chaith gach páiste ó Rang 1 go Rang 7 vóta chun an rang is fearr a roghnú, agus caithfidh gur thaitin maisiúcháin R2 go mór le roinnt mhaith den scoil. Maith iad. A bhuí le Cairde, fuair gach duine sa rang selection box agus bhí cóisir ranga acu! Ar dóigh!

Congratulations to Rang 2 who won the competition! Every child from Rang 1 to Rang 7 cast a vote to choose the best class, and the R2 decorations must have really impressed so many pupils in the school. Well done to them! Thanks to Cairde, everyone in the class received a selection box and they had a class party! Brilliant!

Chomh maith leis sin, bhí Comhairleoirí Scoile ag dul thart ar na mallaibh le comórtas eile "Tomhas an tAinm". Bhí fáilte roimh pháistí £1 a thabhairt chun ainm síofra agus ainm fir sneachta a thomhas. Arís eile, bhronn Cairde duaiseanna gleoite orainn don chomórtas seo, ina measc na maisiúcháin áille seo déanta ag mamaí Harvey, Eva agus Minnie. Rachaidh na brabúis ar fad ón chomórtas seo chuig an Chomhairle Scoile, a bheas ag teacht le chéile chun níos mó pleananna deasa a chur le chéile sa bhliain úr. Arís eile, gabhaimid buíochas mór ó chroí le Cairde as an tacaíocht leis an chomórtas seo. Comhghairdeas mór le Kurt i Rang 4 agus le hAilbe i Rang 2 a thug abhaile na duaiseanna galánta inniu. Pudding an t-ainm a bhí ar an fhear sneachta agus Fig an t-ainm a bhí ar an tsíofra. Bainigí sult as na duaiseanna a chairde, maith sibh.

In addition to that, our School Council members were going around recently with another competition, 'Guess the Name'. Children were welcome to give £1 to guess the name of an elf and a snowman. Once again, Cairde provided us with lovely prizes for this competition, including these beautiful decorations made by Harvey, Eva, and Minnie’s mum.

All profits from this competition will go to the School Council, who will be meeting to put more great plans together in the new year. Again, we offer our heartfelt thanks to Cairde for their support with this competition. Huge congratulations to Kurt in Rang 4 and Ailbe in Rang 2 who took home the wonderful prizes today. Pudding was the snowman's name and Fig was the name of the elf. Enjoy the prizes, boys — well done!