Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Comhghairdeas

30th Oct 2025

Bhí maidin ghalánta againn inné i mBéal Feirste ag an Halla Cois Cuain ar lá oscailte Oireachtas na Samhna. Chuaigh an Ciorcal Amhránaíochta le Múinteoir Caoimhe chun páirt a ghlacadh sa chomórtas 'Cór Bunscoile'.

Bhí an-chomórtas ar fad ann, bhí an caighdeán iontach ard, agus bhain muid an-sult ar fad as a bheith ag éisteacht leis na hamhráin ó na scoileanna eile. Bhí sé galánta ar fad le bheith páirteach in ócáid chomh speisialta agus an Halla Mór sa Halla Cois Cuain plódaithe le Gaeil idir óg agus aosta ó ghach cearn den tír.

Agus tá muid chomh bródúil ar fad as ár bpáistí, bronnadh Corn an Oireachtais orthu. Comhghairdeas le gach aon duine acu, agus le Múinteoir Caoimhe. Gabhaimid comhghairdeas le gach Gael óg a sheas ar an ardán inné, bhí siad uilig speisialta.

Gabhaimid buíochas le lucht eagraithe an Oireachtais agus guímid gach rath orthu le cuid eile na féile. Gabhaimid buíochas fosta le
Miadhachlughain a bhí ag cuidiú leis an Chiorcal Amhránaíochta ar na mallaibh agus ar ndóigh le Múinteoir Caoimhe as a cuid oibre leis an ghrúpa seo (agus lena deirfiúr Siún as cuidiú linn inné chomh maith!). Gabhaimid buíochas leis na tuismitheoirí agus baill teaghlaigh uilig eile a tháinig chun tacú linn inné, agus ar deireadh gabhaimid buíochas leis na páistí as an obair mhór atá déanta acu ar na mallaibh ag ullmhú don chomórtas, maith sibh a chairde.

We had a lovely morning yesterday in Belfast at the Waterfront Hall for the opening day of Oireachtas na Samhna. The school choir went along with Múinteoir Caoimhe to take part in the Primary School Choir competition.

The competition was very strong, the standard was incredibly high, and we really enjoyed listening to the songs from the other schools. It was wonderful to be part of such a special event, with the Great Hall in the Waterfront Hall packed with Irish speakers and Gaels, young and old, from all corners of the country.

And we are so proud of our children — they were awarded the Oireachtas Cup! Congratulations to every one of them, and to Múinteoir Caoimhe.

We also congratulate every young Gael who took to the stage yesterday — they were all amazing. We thank the organisers of the Oireachtas and wish them every success for the rest of the festival.

We also thank Miadhachlughain, who has been helping the Ciorcal Amhránaíochta recently, and of course Múinteoir Caoimhe for her great work with this group (and her sister Siún too who helped yesterday directing the choir).

We thank the parents and all other family members who came to support us yesterday, and finally we thank the children for all their hard work they’ve done recently in preparing for the competition — well done everyone.