Cóineartú Rang 7
Gabhaimid comhghairdeas ó chroí leis na páistí a chuaigh faoi lámh an Athair Darach an tseachtain seo. Bhí seirbhís speisialta acu leis na Gaelscoileanna áitiúla eile i dteach pobail Naomh Maolmhaodhóg, Caisleán Uidhilín. Bhí siad uilig speisialta maith agus tá muid an-bhródúil astu. Buíochas mór le Múinteoir Rachel as na páistí a ullmhú don chéim mhór seo ina saol. Go raibh maith agaibh uilig a tháinig chun tacaíocht a thabhairt dár ndaltaí agus iad ag tabhairt faoin tSacraimint thábhachtach seo, agus ar deireadh gabhaimid buíochas mór ó chroí leis an Athair Darach as an obair ar fad a rinne sé chun an tseirbhís ghalánta a eagrú dúinn agus lenár gcairde ag an tséipéal áitiúil s’againn. Tá súil againn go raibh lá iontach agaibh go léir a chairde.
Congratulations to our R7 children who received the Sacrament of Confirmation this week with our neighbouring Irish Medium schools, Bunscoil Mhuire agus Phádraig and Gaelscoil na mBeann, in St. Malachy’s Church, Castlewellan. Thanks to Múinteoir Rachel for her work in preparing the pupils for this big step in their lives. Thank you to everyone who came along to support the children in receiving this important Sacrament, and finally heartfelt thanks to Father Darach for all the work in organising the beautiful service, and of course to our friends at St. Malachy’s for hosting us. It was a special day, we hope you all enjoyed it.
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan, Co Down BT31 9EB
Phone: 028 4377 1356
Email: info@bunscoilbb.com
Menu
