Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Céad Slán le Rang 7!

27th Jun 2025

Bhí ócáid mhór speisialta againn an tseachtain seo caite ag tionól imeachta Rang 7. D’ullmhaigh na páistí roinnt de na cuimhní cinn is fearr leo óna gcuid ama anseo ag Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche le roinnt lena ngaolta, agus bhí cúpla dán agus cúpla amhrán againn chomh maith. Buíochas mór le gach duine a tháinig chuig an tionól imeachta le tacú leis na páistí ar an oíche speisialta seo. Maith iad na páistí as an obair mhaith a rinne siad ag ullmhú don tionól. Agus buíochas mór ó chroí leis an Mháistreás Rachel as an obair ar fad a rinne sí ag ullmhú don tionól, agus ar ndóigh as an tsárobair atá déanta aici leis an rang ar fad i mbliana, agus le Stephen, Dearbhail agus Lorna fosta ar ndóigh. Ar an oíche, fuair na daltaí geansaí speisialta chun a gcuid ama ar Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche a cheiliúradh, agus gabhaimid buíochas mór le Cairde as an tacaíocht leis na geansaithe. Buíochas fosta le Paul ag McKenny's Menswear as an obair iontach leis na geansaithe. Guímid gach rath agus dea-bheannacht ar ár gcairde agus iad ag glacadh an chéad chéim eile seo ina n-aistir oideachais i ndiaidh dóibh sos maith a bheith acu don tsamhradh.

We had a lovely event last week at the Rang 7 leavers’ assembly. The children prepared some of their favourite memories from their time here at Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche to share with their family, and we also had some lovely poems and songs. A big thank you to everyone who came to support the children at this special assembly. Well done to the children who did a very good job preparing for the assembly. And a big thank you to Máistreás Rachel for all the work she did preparing for R7's leavers' assembly, and of course for the great work she has done with the whole class over the course of this year, thanks also to Stephen,  Dearbhail and Lorna of course. On the night, our pupils received their special leavers' hoodies, and we'd like to thank our PTA Cairde for their continued support with subsidising the cost of the hoodies. Thanks also to Paul ag McKenny's Menswear for the great work with the lovely hoodies. We wish our friends all the best as they take this next step in their educational journey after their well-earned summer break.