Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Blitz Iománaíochta ag Coláiste Naomh Colmáin

4th Mar 2025

Bhí maidin iontach iománaíochta ag buachaillí ó Rang 6/7 inniu ag Coláiste Naomh Colmáin.  D'imir na buachaillí le crógacht, le brí agus le spórtúlacht iontach. Bhí breis agus 120 dalta i láthair ag an bhlitz ar maidin, ó dhá scoil déag. Gabhaimid buíochas mór ó chroí le Mr. Doran agus Mr. Rodgers a d'eagraigh an mhaidin, agus le daltaí agus le foireann an Choláiste a chuir fáilte mhór romhainn inniu. Gabhaimid buíochas fosta le Stephen atá ag déanamh sároibre leis na páistí ó thaobh an spóirt de, as an chuidiú inniu ag tabhairt na mbuachaillí go hIúr Cinn Trá, agus as an obair leis na buachaillí lasmuigh agus laistigh den pháirc.

Some boys from Rang 6/7 had a great morning of hurling today at St. Colmán's College. The boys played with great courage, spirit and sportsmanship. Over 120 pupils attended the blitz this morning, from twelve schools. We would like to thank Mr. Doran and Mr. Rodgers who organised the morning, and the students and staff of the College who made us feel very welcome today. We would also like to thank Stephen who is doing a great job with the children in terms of sport, for helping with driving the boys today and for organising the boys on and off the pitch.