Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Beannachtaí na Nollag

19th Dec 2025

Béarla thíos / English below

Ar son fhoireann Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a tháinig chuig ár Seó Nollag oíche Mháirt, agus tá súil agam gur bhain gach duine agaibh sult agus súp as an léiriú iontach a chuir na páistí i láthair dúinn.

Ba ábhar bróid dúinn é an oiread sin agaibh a fheiceáil sa halla arís i mbliana – tá an chuma ar an scéal go bhfuil an lucht féachana ag fás bliain i ndiaidh bliana! Bhí atmaisfeár gleoite ann le siamsaíocht den chéad scoth, idir amhránaíocht, aithriseoireacht agus dhrámaíocht. Focal speisialta buíochais le mamaí Ruadháin as dráma gleoite a scríobh agus a roinnt linn don seó! Féachaigí ar na grianghraif agus na físeáin atá faoi iamh.

Gabhaimid buíochas libh as tacú linn ar an oíche agus as an tacaíocht fhial a thug sibh don chrannchur. Táimid thar a bheith buíoch chomh maith as an am a chaith sibh ag cuidiú leis na daltaí na línte agus na hamhráin a fhoghlaim sa bhaile. Maidir leis na páistí iad féin, ní thiocfadh linn a bheith níos bródúla as an dúthracht agus an díograis a léirigh siad ar na mallaibh, ní amháin don seó mór s’againn, ach le linn an téarma seo ar fad. Tá sos na Nollag tuillte go maith acu!

Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil le Cairde, a d’eagraigh an crannchur iontach agus na sólaistí blasta dúinn. Táimid go mór faoi chomaoin ag na gnólachtaí áitiúla agus ag gach duine a thug isteach duaiseanna don chrannchur. Go raibh maith agaibh a Chairde as an obair dhícheallach a dhéanann sibh ar son ár bpáistí ó cheann ceann na bliana.

Táimid an-bhuíoch dár gcomharsana agus dár gcairde in Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg as a gcuid flaithiúlachta agus as ligean dúinn an halla a úsáid. Gabhaimid buíochas ar leith le Mark, Danny agus Brendan as an halla a chur in ord is in eagar dúinn, agus leis na tuismitheoirí a chuidigh leis an pháirceáil ar an oíche.

Ar deireadh, focal buíochais do mo chomhbhádóirí anseo sa scoil. Gabhaim mo bhuíochas ó chroí le foireann Naíscoile agus Bunscoil Bheanna Boirche as an treoir, an spreagadh agus an díograis a léiríonn siad le linn na bliana. Is pribhléid í amach is amach le bheith ag obair sa scoil seo le páistí speisialta agus le daoine atá dícheallach díograiseach tiomanta. Agus is mór againn go deo an pháirtíocht speisialta atá againn lenár dtuismitheoirí agus lenár dteaghlaigh sa phobal speisialta seo. Ar scáth a chéile a mhairimid.

Ba mhaith liom cur in iúl daoibh a chairde go mbeidh mé féin amuigh ar feadh tamaillín ag pointe éigin go luath sa bhliain úr ar thréimhse atharthachta. Le linn an ama seo, beidh Múinteoir Máire ag glacadh seilbh ar bhainistíocht lá go lá sa scoil. Tá ardmhuinín agam go gcomhlíonfaidh Máire an ról seo go héifeachtach agus go dúthrachtach, agus gabhaim buíochas léi as glacadh leis an fhreagracht seo.

Cuirim i gcuimhne daoibh a chairde go mbeidh an scoil ag druidim ag 11am Dé Luain 22ú Nollaig do shaoire na Nollag. Guím Nollaig mhór mhaith agus athbhliain faoi mhaise daoibh ar fad, bainigí sult as am ceart le chéile, agus táimid ag dúil go mór le gach duine a fheiceáil ar ais sa scoil Dé Luain 5ú Eanáir 2026.

On behalf of the staff of Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche, I would like to thank everyone who attended our Christmas Show on Tuesday night, and I hope you all thoroughly enjoyed the wonderful performance the children put on for us.

We were so proud to see so many of you in the hall again this year – it seems the audience is growing year after year! There was a lovely atmosphere with first-class entertainment, including singing, poetry and drama. A special word of thanks to Ruadhán’s mum for writing and sharing a beautiful play with us for the show! Please take a look at the attached photos and videos.

We thank you for supporting us on the night and for your generous support of the raffle. We are also extremely grateful for the time you spent helping the pupils learn their lines and songs at home. As for the children themselves, we could not be prouder of the dedication and enthusiasm they have shown recently, not only for our big show but throughout this entire term. They have well and truly earned their Christmas break!

We would like to give a special mention to Cairde, who organised the fantastic raffle and the delicious refreshments for us. We are greatly indebted to the local businesses and individuals who donated prizes for the draw. Thank you, Cairde, for the hard work you do for our children all year round.

We are very grateful to our neighbours and friends in St. Malachy’s High School for their generosity and for allowing us to use the hall. We give special thanks to Mark, Danny and Brendan for getting the hall ready for us, and to the parents who assisted with parking on the night.

Finally, a word of thanks to my colleagues here at the school. I offer my heartfelt gratitude to the staff of the Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche for their guidance, encouragement and diligence throughout the year. It is an absolute privilege to work in this school with special children and with people who are hardworking, diligent, and committed. And we deeply value the special partnership we have with our parents and families in this special community.

I would like to inform you that I will be taking some time out at some stage early in the New Year on a period of paternity leave. During this time, Múinteoir Máire will be taking over the day-to-day management of the school. I have high confidence that Máire will carry out this role effectively and diligently, and I thank her for accepting this responsibility.

A reminder, friends, that the school will be closing at 11:00 am on Monday, December 22nd for the Christmas holidays. I wish you all a very merry Christmas and a happy New Year; enjoy quality time together, and we look forward to seeing everyone back at school on Monday, January 5th, 2026.

Nollaig Shona Faoi Shuaimhneas Faoi Shéan Daoibh Go Léir.
Ciarán.