An tÉiceachoiste ar an Teilifís!
Bhí tráthnóna an-ghnóthach ar fad ag Rang 7 inniu agus iad ag cur i láthair an obair mhór mhaith atá déanta acu mar bhaill den Éiceachoiste le tamall beag anuas. Bhí na ceamaraí BBC istigh linn Dé Máirt agus thaispeáin an Mháistreás Rachel agus daltaí Rang 7 giota beag den obair iontach atá déanta againn ar na mallaibh agus thar na blianta maidir le caomhnú na timpeallachta. Bhí muid an-bhródúil ar fad as na páistí a sheas mar ambasadóirí iontacha den scoil. Coinnígí súil ar Aip na Scoile (Schools NI) le fáil amach cén uair a bheas an clár le feiceáil ar BBC 2 níos moille sa bhliain.
Rang 7 had a very busy afternoon today as they presented some of the excellent work they've done as eco-committee members over the last while. We had a camera crew in from the BBC on Tuesday, and Máistreás Rachel and the Rang 7 pupils shared some of the great work they've done over the years with regards to helping the environment. We were very proud of the pupils who stood up as super ambassadors for our school. Keep an eye on the Schools NI app to find out when the show will be aired on BBC 2 later in the year.
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan, Co Down BT31 9EB
Phone: 028 4377 1356
Email: info@bunscoilbb.com