An Chéad Chomaoineach
Comhghairdeas mór leis na páistí ó Rang 4 a fuair an Chéad Chomaoineach Dé Sathairn. Tá obair mhór déanta ag na páistí le tamall maith ag ullmhú don tsacraimint seo agus táimid uilig iontach bródúil as an dóigh ar thug siad faoin lá speisialta seo le hurraim. Gabhaimid buíochas leis na páistí a tháinig le cuidiú leis na hiomainn agus le léachtaí. Agus leis na tuismitheoirí agus na baill teaghlaigh ar fad a tháinig le tacú leis na páistí ar an lá agus ag ullmhú don tsacraimint. Gabhaimid buíochas mór le Múinteoir Sinéad as an obair mhór atá déanta aici leis na páistí, agus le Sinéad G fosta as an chuidiú iontach. Gabhaimid buíochas lenár gcairde sa pharóiste as ligean dúinn an séipéal a úsáid, agus gabhaimid buíochas mór ó chroí le cara mór na scoile, An tAthair Darach, as aifreann álainn a dhéanamh dúinn. Ar deireadh, maith sibh gach dalta i Rang 4, na páistí a rinne an Chéad Chomaoineach agus na páistí nach ndearna. Tá súil againn gur bhain sibh uilig sult as an lá a chairde.
Congratulations to the children from Rang 4 who received their First Holy Communion on Saturday. The children have worked hard for a long time preparing for this sacrament and we are all very proud of the way they approached this special day with reverence. We would like to thank the children who came to help with the hymns and readings. And to all the parents and family members who came to support the children on the day and with their preparations for the sacrament. We would like to thank Múinteoir Sinéad for the great work she has done with the children, and also to Sinéad G for her wonderful help. We would like to thank our friends in the parish for letting us use the chapel, and of course great friend of the school, An tAthair Darach, for celebrating a beautiful mass for us. Finally, well done to all of our pupils in Rang 4, those who received the sacrament and those who didn't. We hope you all enjoyed the day.
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan, Co Down BT31 9EB
Phone: 028 4377 1356
Email: info@bunscoilbb.com