Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Taighde ar na hOileáin

7th Sep 2018

Agus muid i ndiaidh críoch a chur leis an chéad seachtain ar ais ar scoil i ndiaidh an tsamhraidh, tá Múinteoir Ciarán ar mhuin na muice leis an dóigh ar thosaigh daltaí Rang 6/7 an scoilbhliain úr. Mar obair bhaile an tseachtain seo, bhí ar na daltaí dul i mbun oibre ag déanamh taighde ar roinnt oileán thart fán tír, agus bhí orthu póstaer a dhearadh don oileán. Mar a fheicfidh sibh ó na grianghraif anseo, chuir na daltaí tréaniarracht isteach agus tá obair den scoth déanta acu. Maith sibh a chairde ar an tús iontach don bhliain úr - tús maith, leath na hoibre!

Having completed our first week back at school after the summer break, Múinteoir Ciarán is very happy with how the R6/7 pupils have begun the new school year. For homework this week, the pupils had to complete a research task on some of the islands of Ireland, as well as a poster for the island. As you’ll see from these photographs, the pupils put in a great amount of effort and have produced some top notch work. Well done on making such a great start to the new year - a good start is half the work!