Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Lá Glas

15th Mar 2023

Bhí spórt, scléip agus spraoi againn ar scoil inniu agus Lá Glas á cheiliúradh againn do Lá Fhéile Pádraig. Bhí gach duine gléasta suas in éadaí glasa agus bhí gníomhaíochtaí sultmhara éagsúla ar siúl sna ranganna ar fad  bunaithe ar Éarlamh na hÉireann, Naomh Pádraig. Bhí tionól galánta againn ar maidin agus bhí seans ag gach rang léiriú a dhéanamh don scoil ar fad. Agus rud a bhí níos speisialta faoin tionól ná go raibh ár gcairde beaga ón naíscoil linn inniu chomh maith. Cheol siad amhrán iontach do Lá Fhéile Pádraig dúinn, cheol siad amach go binn agus go fonnmhar. Féach ar roinnt de na grianghraif agus físeáin chun giota den chraic a fheiceáil. Beannachtaí na Féile Pádraig ar ár bpobal scoile iomlán, tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an deireadh seachtaine fada. Tchífidh muid arís Dé Luain sibh.

We had lots of fun at school today as we celebrated Lá Glas for St. Patrick's Day. Everyone was dressed up in green and there were lots of different fun activities taking place throughout the school based on our patron saint, Naomh Pádraig. We had a lovely assembly this morning and each class had the chance to perform for the whole school. And what was more special about today’s assembly was our naíscoil friends were with us today also. They sang us a wonderful song for St. Patrick's Day, they sang out sweetly and enthusiastically. Take a look at some of the photos and videos to see a bit of the craic. St. Patrick's Day blessings to our entire school community, we hope you enjoy the long weekend.