Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Féile Scoildrámaíochta

15th Mar 2023

Táimid an-bhródúil ar fad as na páistí ó rang 6/7 a bhí páirteach sa dráma s'againn i mbliana agus a chuaigh go hIúr Cinn Trá don Fhéile Scoildrámaíochta Dé Máirt. D'oibrigh na páistí go hiontach crua le roinnt mhaith seachtainí anuas ag foghlaim a gcuid línte agus ag cleachtadh na n-amhrán, agus d'éirigh go han-mhaith leo ag an Fhéile. Rinne siad 'Is Laoch na hÉireann Mé - Scaoil Saor Mé', dráma a rinne muid roinnt blianta ó shin, scríofa ag Ciara Pickering dúinn. Is dráma thar a bheith greannmhar é agus bronnadh duais orainn mar gheall ar an dóigh a ndeachaigh an greann i bhfeidhm ar an lucht féachána. Ba mhaith liom comhghairdeas mór a ghabháil leis na páistí as a gcuid iarrachtaí. Comhghairdeas agus buíochas le Múinteoir Corinne a bhí mar stiúrthóir ar an dráma agus a d'ullmhaigh na páistí fána choinne. Agus ar deireadh, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a tháinig chun tacú linn ar an lá. Go raibh maith agaibh a chairde.

We’re very proud of our Rang 6/7 pupils who were involved in our play this year and who went to Newry for the Féile Scoildrámaíochta on Tuesday. The children have worked incredibly hard over the past few weeks learning their lines and practising their songs, and they did very well at the Féile. They performed ‘Is Laoch na hÉireann Mé – Scaoil Saor Mé’, a play we did some years ago, written for us by Ciara Pickering. It’s a very funny play and we were presented with an award from the judge for how the play got the audience laughing. I would like to congratulate the children for their efforts. Congratulations and huge thanks to Múinteoir Corinne who directed the play and prepared the children for the event. And finally, we would like to thank everyone who came to support us on the day.